Sunday, May 8, 2011

Ceapadóireacht - Leaving cert Irish/Gaeilge notes


Gaeilge
Ceapadóireacht – aiste
80 mins 2 ½ pages
The essay, or aiste, is a literary composition which presents the ideas of the writer on a chosen topic. It is usually informal in style and brief in scope.
Nuair a bhíonn aiste á scríobh agat, ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar na haidhmeanna ginearálta seo a bhfuil ag an Roinn Oideachais:
  • Go mbeidh tú ábalta tú féin a chur in iúl le cruinneas agus le beachtas teanga.
  • Go mbeidh tú ábalta tuairimí a nochtadh go lán-mhuiníneach trí mheán na scríbhneoireachta.
  • Go mbeidh tú in ann stíl phearsanta a fhorbairt de réir a chéile.
    • Tá ort aiste a scríobh ar cheann amháin de na trí cinn a thugtar duit.
    • Ní gá dul thar 500-600 focal nó mar sin (timpeall 2.5 leathanach).
    • Beidh timpeall 80 nóiméad agat chun Aiste a scríobh.
    • Ní mór duit cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga agus caillfear marcanna trí bheith faillíoch ann.
    • Smaoinigh go bhfuil formhór na marcanna ag dul do chaighdeán na Gaeilge (80%) agus níl ach fíorbheagán ag dul don ábhar (20%).

Tabhair na pointí seo a leanas faoi deara

  • Nuair atá an aiste roghnaithe agat, téigh go dtí an leathanach deireanach de do leabhar freagraí agus scríobh síos pé smaointe faoin aiste a thagann isteach i do chloigeann.
  • Cuir na smaointe seo in ord agus in eagar agus bíodh trí roinn, go bunúsach, agat ansin, sé sin, tús na haiste, corp na haiste agus críoch na haiste.
  • Tús - Bíodh alt láidir amháin agat ina dtugann tú do thuairim féin faoin ábhar seo. Tóg mar shampla na habairtí seo a leanas : "Ní dócha go raibh am riamh ann ina ndéantar an oiread sin cainte ar 'Uaigneas'. Is féidir leat féachaint ar an teilifís agus beidh daoine ag caint 'is ag comhrá faoin ábhar seo. Tá na páipéir nuachta tuillte agus lán go béal leis an scéal céanna. Dúirt John Donne sa Bhéarla fadó 'No man is an island' agus tá an smaoineamh céanna le fáil sa Ghaeilge sa sheanfhocal 'Ar scáth a chéile a mhaireann daoine'..."
  • Corp - Bíodh thart ar thrí nó ar cheithre cinn de phointí agat anseo. Is fiú dhá thaobh den scéal a phlé i gcorp na haiste.
  • Críoch - Bíodh an críoch mar achoimre agatsa ar an ábhar anseo. Tóg mar shampla na habairtí seo a leanas: "Mar a dúirt mé cheana, is iomaí rud atá scríofa faoin ábhar seo agus is furasta a thuiscint cén fáth. Ba chóir go mbeadh a thuairim féin ag gach duine faoin ábhar seo. Is ceist tábhachtach, phráinneach agus láithreach é. Tá orainn go léir é a scrudú agus a chíoradh go mion. B'fhéidir, lá éigin, dá mbeadh díospóireacht agus plé againn ar an gceist seo go mbeadh iompú bisigh ann san ábhar seo 'Uaigneas'."

Seo roinnt leideanna eile

  • Go hiondúil, baineann na haistí le réimse an dalta scoile. Dá bhrí sin, bíodh eolas agat ar thoipicí cosúil le daoine óga, cúrsaí oideachais, spóirt agus caitheamh aimsire, an Ghaeilge, na meáin cumarsáide, taisteal agus teangacha, cultúr agus an timpeallacht.
  • Bain úsáid as an gcleas seo. Cuir na ceisteanna seo ort féin agus tú ag smaoineamh ar ábhar na haiste - Cé?, Céard?, Cén áit?, Cathain?, agus Cén fáth? agus scríobh síos na freagraí ar do leathanach deireanach i do leabhar freagraí.
  • Bíodh an Gaeilge san aiste gearr, simplí agus cruinn. Seachain abairtí fada.
  • Cruinnigh do chuid cainte le hábhar na haiste agus ná téigh ar strae le caint scaipthe, scaoilte. Bíodh ábhar na haiste géar gonta, spéisiúil, pearsanta agus chomh fada agus is féidir, bíodh bua na samhlaíochta ann.
  • Smaoinigh go bhfuil a stíl phearsanta féin ag gach duine a scríobhann aiste. Dá bhrí sin, lean ort ag scríobh!


No comments:

Post a Comment